Gaeilge




CURACLAM GAEILGE



RANGANNA 1 - 6

Fealsúnacht Teagaisc


Aithnítear in oideachas Steiner go gcabhraíonn gníomhaíocht teangan le cruthú na norgáin a úsáidtear i dtáirgeadh teangan.Aithnítear freisin nach bhfoghlaimíonn gasúir focail aonair ach go bhfoghlaimíonn siad teanga i gcnuasacht fuaime.Cabhraíonn dhá-theangachas nó trí-theangachas le smaoineamh cliathánach agus so-lúbthach. Ní thosnaitear ar léamh ná scríobh go dtí Rang 4 (10 mbliana+).

Modhanna Teagaisc

Tugtar na páistí isteach ar an teanga i dtosach tré iad a thabhairt i dteangmháil leis an teanga, agus de réir a chéile tosnaítear ag déanamh staidéar agus anailís ar a bhfuil dhá phiocadh suas acu. I rith na chéad trí bliana bíonn an gasúr sáite sa teanga taobh istigh de chomhthéacs na ranga ina mbíonn a bhfurmhór dhá leanúint tré Ghaeilge(an dara teanga). Tugtar na gasúir isteach ar raon leathan gníomhaíochtaí, beannachtaí bunúsacha, bhéarsai, dánta, rannta comhaireamh, amhráin agus cluichí; atá dírithe ar iad a thabhairt isteach ar an teanga gan aon ghá a bheith le aistriúcháin ná míniúcháin.

Chomh luath is atá cnuasacht curtha le chéile sa chéad trí nó cheithre rang, tugtar ábhair nua isteach go leanúnach, de réir mar atá an bun-ábhar dhá athrú agus dhá leathnú amach. Chomh maith le obair bhéil, déanann na gasúir dramaíocht bríomhar ar gach cinéal eachtra.

Dá bharr seo, níl aon ghá do na gasúir tuiscint a bheith acu ar a gcloiseann agus a n-athránn siad. I rith na hama seo, bíonn deis acu mothálacht a fhorbairt do fhuaimeanna an dara teanga ar shlí nach mbeadh féideartha níos déanaí. Is páirt an-thábhachtach í seo den chóras Steiner. Déantar an múineadh go hiomlán tríd an bhfocal labhartha – m.sh. orduithe, ceist agus freagra, amhránaíocht agus aithriseoireacht, agus go minic bíonn geáitseaíocht, geamaireacht agus scileanna eile dhá núsáid. Is féidir píosaí fada agallaimh a chur de ghlan mheabhair, agus ar an gcaoi seo tagann na gasúir ar raon leathan foclóra agus structúir gramadaigh ar shlí neamh-fhoirmeálta. Go deimhin, i rith na chéad trí bliana, tugtar na gasúir isteach de réir a chéile ar na bunchlocha gramadaigh, chomh maith le chnuasach leathan de fhocail choitianta.

Rang 1


Réamhrá

I rang 1 go dtí 3, foghlaimíonn na gasúir foclóir óna dtimpeallacht, castar amhráin agus imríonn siad cluichí ranga. Tógtar foclóir ó thimpeallacht na scoile agus an bhaile, chun bunús comhráití a chruthú. Tugann íomhánna fínscéalta taithi dóibh ar an ngramadach agus structúir a bheidh siad ag foghlaim níos déanaí, agus faigheann siad taithí shamhailteach ar ábhair a bheidh ina gcoincheapanna. Faoi dheireadh Rang 3, bítear tosnaithe ar scríobh agus léamh.

Amhráin eipiciúil.

Rannta.

Gníomh-amhráin.

Méar-chluichí.

Comhaireamh bun-uimhreacha.

Baill choirp.

Cúrsaí laethúil (m.sh. "Cad is ainm duit? – n is ainm dom. Cá bhfuil tú id’ chónaí"? ) Cluichí cainte cnuasach ("an bhfuil/tá, nach bhfuil/níl……..cén sórt")

Cuspóirí

Go mbeadh na páistí ábalta déileáil le:


Rang a Dó


Clár

Forbairt a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ó Rang 1 agus cur leo (filíocht, amhráin thradisiúnta, gnáthrudaí sa seomra ranga, orduithe), aithriseoireacht na mbunuimhreacha, agus na horduimhreacha.

Na míosa

An timpeallacht nadúrtha (cnoc, abhainn, bláth, an ghealach srl)

Éadaí

Gnáth-ghníomhaíochtaí an lae

Éisteacht le scéalta shimplí

Aithris scéalta shimplí

Caint futhu fhéin (lá breithe, aois, clann – tá deartháir amháin agam)

Úsáid forainmneacha (cad is ainm duit/dó/di srl)

Cuspóirí


Rang a Trí


Clár

Leanacht leis an obair ar agallaimh

Uimhreacha

Dathanna

Áiteanna (cathair, sráidbhaile, paróiste, tír)

Slite taistil

Éadaí

An t-am

Orduithe níos deacra

Bia

Leaganacha cainte

Scéalta shimpli

Aithris agus foghlaim páirteanna i ndramaí

Briathra agus aimsireacha

Bhéarsaí chun rialacha gramadaí a chleachtadh

Na príomh réamhfhocail

Cuspóirí


Rang a Ceathair


Réamhrá

Ag timpeall a deich mbliana d’aois sroicheann páistí leibhéal nua féin-aithne. Bíonn gá acu pearsanú a dhéanamh ar gach ar fhoghlaim siad mar ghrúpa.Tugtar isteach scríobh mar bhreacadh síos níos pearsanta ar gach a bhfuil bailithe sa gcuimhne cnuasach. Ag úsáid ábhair a cuireadh de ghlan mheabhair sna chéad trí ranganna, tugtar isteach scríobhneoireacht sa nGaeilge.Foghlaimíonn na páistí conas foclóir atá acu cheana féin a aithint sa scríobhneoireacht.Roimh scríobh priondáilte a thabhairt isteach, léigheann siad an rud a scríobhann siad féin.

I Rang 4, foghlaimíotar bun-structúr, agus cleachtaíotar ainmfhocail agus briathra simplí.Tógtar abairtí samplacha ón raon cainte i gcomhra ranga.Bíonn canadh, aithriseoireacht, agallaimh shimplí agus cluichí focail fós mar bhun-chloch de na ranganna.Cé go mbíonn aithris agus athrá fós mar pháirt thábhachtach den fhoghlaim, ba cheart go dtosnódh páistí ag aithint tréithe litríochta, críoch focail, leagan iolra d’fhocail srl.

Clár

Scríobh agus léamh bhéarsaí, filíocht agus amhráin atá foghlamta cheana féin.Litríocht, deachtú gairid, gramadach bunúsach, an aimsir láithreach de na gnáth bhriathra, ainmfhocail, nathanna cainte, aidiachtaí, réamhfhocail, úsáid den uimhir uatha agus den uimhir iolra, forainmneacha ceisteach.Cur síos ar ainmhithe, an aimsir, gnáthrudaí sa bhaile.

Cuspoirí

Bheith in ann:


Rang a Cúig


Réamhrá

Faoi aois a 11, ba cheart go mbeadh meabhair mhaith rithimiúil ag gasúir. Baineann siad taitneamh as aithriseoireacht dánta cuíosach fada, agus is féidir leo amhráin chasta a chanadh.Tré cur leis na structúir shimplí a foghlamaíodh i Rang 4, spreagtar a dtuiscint den ghramadach.Bítear ag díriú isteach ar fhoghlaim agus cleachtadh foclóra nua.Is féidir anois an chéad leabhar léamh a thosnú. Cleachtadh cainte, comhraí ceist agus freagra, agus dánta éagsúla foghlamta de ghlan-mheabhair tré athrá iad na bunchlocha de chaomhnú fabhraíocht shoiléar, chomh maith le daingniú foclóra. Chomh luath is atá structúir nua gramadaí pléite, cleachtaithe agus tuigthe ag na gasúir, scríobhann an gasúr cúntas shimplí de na bunrialacha i gcóipleabhar speisealta- i mBéarla.Coinníotar an cóipleabhar gramadaigh go dtí Rang 8 Is é an dramaíocht ceann de na slite is fearr chun suim ranga a chothú.

Clár

Amhráin agus filíocht

Dramaí

Scéalta

Cleachtadh léamh

Ceisteanna shimplí faoi scéalta a fhreagairt(labhartha agus scríofa)

Briathra neamhrialta

Aimsireacha briathra

Reimhniú briathra

Na tuisil

Réamhfhocail

Dobhriathra

Scrúdú foclóra

Deachtú

Cuspóirí

Cumas na bpáistí a spreagadh chun:


Rang a Sé


Réamhrá

Is i rang a sé a thagann tús le teacht chun sleachta na bpáistí.Ag an staid seo bíonn gá le intleacht na ngasúir a chur ag plé le structúirí coincheapúla na teangan.Is gá dhóibh foghlaim conas theacht ar fhoclóir i mbealach níos comhfhiosaí.

Ag an bpointe seo, is féidir le gasúir ciall a bhaint as réimhniú briathra, díclaonta, aidiachtaí, úsáid téarmaíocht cosúil le ginideach, ainmneach srl.

Ó thaobh an teanga labhartha de, siad drámaíocht, filíocht laochta agus greann cuid de na rudaí is mó a spreagann daltaí.

Ag an bpointe seo, bíonn ar mhúinteoir a bheith ag plé le réimse leathan ábaltachtaí sa rang.Ba cheart éagsúlacht ceachtanna a bheith ann chun feiliúint don réimse seo.Ní chiallaíonn sé seo áfach, gur gá an rang a roinnt suas.

Clár

Amhráin agus filíocht

Scéalta a léamh

Ceisteanna agus freagraí in agallaimh agus i scéalta

Tosnú le leabhar gramadaí

Cleachtadh ar ghramadach atá déanta cheana féin

Cuspóirí

Na páistí a bheith in ann:

    * Cur síos níos líofa a dhéanamh orthu féin agus ar a gcomhthimpeallacht
    * Labhairt níos líofa faoi théacsanna atá léighte sa rang
    * Gramadach atá cleachtaithe cheana a aithint, agus a bheith ábalta sampla a thabhairt
    * Na téarmaí gramadach a thuiscint